Traditional
Bean Dubh a’ Ghleanna
O tá bó agam ar a' sliabh
Is táim le seal 'na diaidh
Ó chailleas-sa mo chiall le nuachar.
Dá seoladh soir is siar
Pé áit go ngabhann an ghrian,
Ó maidin go mbuí an tráthnóinín
Nuair a fhéachaim féin anonn
Ins an áit ina mbíodh mo rún
'Sea ritheann óm' shúil' sruth deora.
'S a Rí Ghil na gCumhacht,
Go bhfóirir ar mo chúis
Mar 'sí an bhean dubh ón ngleann
Do bhreoigh mé.

Bean dubh a' ghleanna,
An bhean dubh ab'fhearra;
An bhean ba dheise gáire.
A grua mar an sneachta
'S a píb mar an eala
'S a com seang, singil, álainn.
Níl ógánach cailce
Ó Bhleá Cliath go dtí an Ghaillimh;
Ná as san go Tuaim Uí Mheára;
Ná fuil ag triall is ag tarraingt
Ar eachaibh donnaibh deasa;
Ag tnúth leis an mbean dubh úd álainn.
An té a chífeadh mo thig-se
'S gan de dhian air ach scraith
'S é buailte ar leataobh a' bhóthair
Mar a ghabhann ann an bheach
Is deineann ann a nead
Le teas agus grian an óir ghil
Nuair a aosaíonn suas an tslat
Ní fhanann air aon mheas
Ach ag tnúth leis an mbrainse a pógadh
'S mo chailín phlúrach deas
Gur éalaigh uaim le spreas
Mo chúig céad míle slán beo léi